Posted in Gaeilge, Polaitíocht | Politics, Uncategorized

Ráitis Dála

Rinneadh plé ar chúrsaí Gaeilge inné sa Dáil, ardaíodh pointí fiúntacha agus rinneadh plé tábhachtach ar chuid de na deacrachtaí atá roimh phobal na Gaeilge agus Gaeltachta faoi láthair.  Bhí cuid den plé seo speisiúil, agus bhí cuideanna eile de nach raibh comh speisiúil sin.  Ach, ar a bharr na rudaí seo uilig, rith sé liom agus mé ag éisteacht leis na ráitis seo nach ráitis a bhí ann ar chór ar bith ach tuairimí ginearálta leathan faoi stad reatha na teanga don chuid is mó.  Ba chóir go mbeadh i bhfad níos mó ná seo i gceist le díospóireacht mar seo.

An deacracht is mó a bhí ann leis na ráitis Dála inné ná gur rinneadh iarracht gach rud faoin spéir a bhaineann leis an teanga a chaitheamh isteach in aon seisiún amháin (dhá seisiún má chuirtear lón san áireamh) taobh istigh de chúpla uair a chloig.  Níl aon chiall nó réasún leis an chur chuige seo.  Cuireann an córas seo teorainn ar na hábhair gur féidir a phlé agus ar na ráitis gur féidir a dhéanamh.  Déanann na Teachta iarracht gan aon ábhar nó grúpa a fhágáil amach óna ráiteas féin, ach in áit bheith ag cur leis an ráiteas leis an chur chuige seo, ciallaíonn sé seo go mbíonn sé deacair orthu rud ar bith a rá san am-scála atá acu. Bhí na deacrachtaí seo le feiceáil go soiléir inné.

Ar dtús báire, cuireadh an seisiún seo ar an Ghaeilge sa Dáil siar cúpla uair ar roinnt cúiseanna éagsúla, rud a léiríonn rud éigean faoi cá luíonn cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sa phictiúr mór i dTeach Laighean.  Ansin, cé go bhfuil sé olc go leor nach bhfuil an tAire Sinsearach don Ghaeltacht in ann plé a dhéanamh ar a cuid dualgais trí Ghaeilge, nuair a cuireadh tús leis na ráitis sa Dáil, ní raibh an tAire Sinearach Heather Humphreys le feiceáil áit ar bith.  Tháinig sí isteach níos moille sa seisiún, ach arís léiríonn sé seo rud éigean faoi thosaíochtaí.

Is é an rud is mó a chuir isteach orm maidir leis an ‘phlé ar chúrsaí Gaeilge’ ná nach raibh am nó struchtúr ann le díospóireacht a bheith ann nó plé ceart a dhéanamh ar na dushláin atá roimh phobal na Gaeilge faoi láthair.  Labhair an Teachta ar chúsaí Gaeltachta, oideachais, chomóradh 1916.  Ag pointe aisteach amháin thosaigh Heather Humphreys ag tabhairt léacht bheag (cé nach dtaitníonn léachtanna léi) ar stair agus ar athbheochan na Gaeilge ina ceantar féin – tá bunscoil acu ansin anois, mar sin, caithfidh go bhfuil an Ghaeilge slán.  Labhair siad faoi mhaoiniú, faoi Údarás na Gaeltachta, faoi Fhoras na Gaeilge agus faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.  Seo uilig i measc neart ábhar eile.  Dár ndóigh, tá cuid mhór mhaith de na hábhair seo fite fuaite lena chéile agus níl mé a rá ar chór ar bith nár chóir plé a dhéanamh ar na rudaí seo.  Ach, ní féidir, anois nó in am ar bith, gach rud a bhaineann leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a phlé le chéile taobh istigh de chúpla uair a chloig.  Nuair a chaitear gach rud isteach le chéile mar seo, cailtear an deis an plé domhain riachtanach a dhéanamh ar na hábhair seo.  Níl sé réalaíoch agus níl sé sasúil ach an oiread.

Is ea é an rud atá de dhíth plé domhain ar na ghnéithe éagsúla seo de shaol na Gaeilge le cinntiú gur féidir barúlacha domhain a roinnt agus mionscrúdú cuí a déanamh ar na cúrsaí seo.  Is iomaí TD a bhí i láthair inné a léirigh go bhfuil siad báúil don Ghaeilge.  Ba chóir go mbeadh i bhfad níos mó plé á dhéanamh sa Dáil maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta le linn na hama in áit an iarracht seo a dhéanamh gach ráiteas a bhrú isteach in aon ráiteas amháin.  Ba chóir go mbeadh ráitis ann faoin Ghaelscolaíocht, ráitis eile faoi mhaoiniú, nó faoi Údarás na Gaeltachta, nó faoi chibé ábhar eile atá le plé.  Ach ní féidir tuiscint láidir domhain a léiriú nó a roinnt ar na hábhair seo nuair atá gach rud faoin spéir faoi chaibidil faoin mhór-theideal ‘Cúrsaí Gaeilge.’

Inniu, ceapadh Seán Kyne TD mar Aire Sóisearach don Ghaeltacht, ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil leis agus a rá go bhfuil súil agam go mbeidh sé in ann dul chun cinn a dhéanamh.  Tá dílseacht don Ghaeilge léirithe aige go minic agus is comhartha dóchais é, i measc na deacrachtaí eile atá ann, go bhfuil duine le tuiscint agus táithí sa ról seo.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s