Posted in Gaeilge, Polaitíocht | Politics

An bhean chróga sa ghúna dubh

 

Suaimhneach agus stuama, seasann bean óg os comhair na bpóilíní atá ar taobh í a ghabháil as  bheith páirteach in agóid síochánta.  Leshia Evans an t-ainm atá uirthi, máthair agus banaltra atá inti.  Ghlac sí páirt san agóid seo i ndiaidh a scaoileadh fear gorm Alton Sterling ag na póilíní i mBaton Rouge, Louisiana ar na mallaibh.  Ionsaí amháin i measc cuid mhór ionsaithe leanúnacha atá i ndiaidh tarlú i Méiriceá.

Tá an íomha seo méarscaipthe le cúpla lá anuas, íomha a léiríonn an cultúr foréigneach atá i gcuideanna áirithe de na Stáit Aontaithe faoi láthair (agus a bhí le blianta fada).  Caitheann na póilíní giar círéibe, caitheann sí gúna dubh.  Tá beirt tagtha a fhad léi chun í a ghabháil, ar nós gur bagairt atá inti roimh na fir seo, agus fós, seasann sí, muiníneach agus múinte, ag fanacht go séimh ar an mhéid atá le teacht.  Sa deireadh, chaith Leshia Evans 24 uair a chloig i bpriosún sular scaoileadh saor í.  I ndiaidh gach rud a tharla dúirt sí ‘I’m glad I am alive and safe.’

Cloistear scéalta uafáis faoi na hionsaithe atá á dhéanamh ar an phobal gorm anois níos minice anois ná mar a chuala riamh.  An é go bhfuil na hionsaithe ag éirí níos measa nó níos coitianta, nó an é go bhfuil na daoine atá faoi ionsaí níos ábalta a scéal a insint?  Cibé rud atá ann, léiríonn na hionsaithe seo domsa go bhfuil scoilteanna domhain sa tsochaí agus go bhfuil coimhlintí cumhachta comh contúirteach anois agus a bhí riamh.  Cuirtear síos ar ‘an domhain iarthar’ mar áit ina bhfuil saoirse ag daoine i gcomparáid le cuideanna eile den domhain, áit gur féidir le daoine a saol a chaitheamh de réir a gcuid roghanna féin agus go mbeidh siad cosanta ag an stát mar gheall gur saoránaigh na tíre iad.  Tá na laige a bhaineann le dearcadh mar seo le feiceáil i mbeagnach gach gné den tsaol timpeall orainn, ach is meabhrúchán cumhachtach é seo go ritheann na fadhbanna seo comh domhain seo inár sochaí.  Níl muid slán.  Níl muid cosanta.  Léirítear sa phictiúr seo an géarchéim atá roimh an phobal ghoirm sna Stáit Aontaithe, agus a bhí acu leis na céadta bliain, ach fosta léiríonn sé go bhfuil an struchtúr cumhachta sa domhain fós dírithe ar mhianta dream amháin a chur chun tosaigh chur dream eile, cibé rud a chiallaíonn sé sin don mhionlach.  Tá samplaí de na coimhlintí seo le feiceáil fud fad an domhain ar bhealaí éagsúla,  is minic a bhíonn na coimhlintí seo comh coitianta gur féidir dearmad a dhéanamh go bhfuil siad ag tarlú ar chóir ar bith.

Is cinnte go gcuireann an íomha seo díomá ar dhaoine, is cinnte gur íomha íocónach é seo fosta.  Ach, fós, sílim go bhfuil rud éigin san íomha seo a léiríonn dóchas.  Léiríonn an pictiúr seo go bhfuil maitheas ann, go bhfuil láidreacht, misneach agus dóchas ag daoine gur féidir le rudaí athrú.  Léiríonn sé dom go bhfuil creideamh, áilleacht agus crógacht na mná seo níos láidre ná an claontacht agus fuath atá ag na daoine a seasann os a comhair.  Beir leat, Leisha.  #BlackLivesMatter

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s