Posted in Gaeilge, Polaitíocht | Politics

#HeforShe

I 2014, sheol Emma Watson feachtas nua de chuid UN Women darbh ainm He for She.  Thug sí óráid ionsporáideach ag an ócáid sin a spreag comhrá agus díospóireacht faoi ról na bhfear i ngluaiseacht na mban.

Tá an feachtas bunaithe ar an choincheap gur dhaoine muid uilig ar dtús agus go dtagann inscne ina dhiaidh sin.  Mar sin, is é an smaoineamh atá leis seo ná go mbíonn gach duine sa sochaí thíos leis mura bhfuil cothromas ag mná, agus go bhfuil sé de dhualgas ar ghach duine sa sochaí é seo a athrú.

Go dtí seo, shínigh níos mó ná miliúin duine suas le tacaíocht a thabhairt don ghluaiseacht seo.  Dá mbeifeá ag smaoineamh faoi shíniú suas don fheachtas, bheifeá i gcomhluadar maith.  I measc na n-ainmneacha móra eile a rinne coimitmint le obair i dtreo domhain níos cothroma, tá Uasain Bolt, Tom Hanks agus Príomh Aire Ceanada Justin Trudeau.  Mar gheall ar He for She, tá athrú á dhéanamh ar an díospóireacht maidir le comhionannas na mban agus an tábhacht a bhaineann leis do ghach duine againn.

justin

Díríonn an feachtas ar sé ghnéithe oibre éagsúil: oideachas, sláinte, saol oibre, féiniúlacht, foiréigean agus polaitíocht.  Leis an fheachtas a cheiliúradh, rinne Emma Watson óráid eile ar an obair a rinneadh le dhá bhliain anuas.   Labhair sí faoin tionchar a imríonn eiseamláir ar dhaoine óga, idir chailíní agus bhuachaillí.

“While women still only make up such a small percentage of political leadership, to quote the awesome Michelle Obama, “because of these women, girls and boys all over the world will have real-life examples that women are leaders.” In the last two years if I have learned anything, if they have shown me anything, it is that nothing—nothing—is impossible.”

emma

Cé go bhfuil fócas an fheachtais dírithe go príomha ar ról na bhfear, caitear spotshola ar na dúshláin atá ag imirt droch-thionchar ar shaol na mban go fóil fud fad an domhain.  Déantar seo trí shuile difirúil agus leathnaítear amach an dioscúrsa maidir le réitigh na bhfadhbanna seo mar gheall air.

Aithníonn Watson go bhfuil bóthar fada le dul ag mná go fóil sula mbeidh comhionannas bainte amach, ach go bhfuil muid in áit níos fearr anois ná mar a bhí roimhe seo.  Is céim chun tosaigh é gur féidir tógáil air amach anseo, go háirithe má dhéanann tuilleadh daoine, fir agus mná, iarracht athruithe a dhéanamh leis an chothromas a oibriú isteach inár saol.  Deir Watson:

“I genuinely feel that we are closer to a gender equal world, certainly closer than we were two years ago, and I know that each and every HeForShe has played such a huge part in that.”

Ní neart go cur le chéile!

http://www.heforshe.org/ 

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s