Posted in Gaeilge

TG4xx – 20 Bliain ar an fhód

Ar Oíche Shamhna, bhí TG4 20 Bliain ar an fhód.  Le comóradh a dhéanamh ar an éacht seo, eagraíodh imeacht mhór speisialta, TG4XX le amharc siar ar stair an stáisiúin agus le ceiliúradh a dhéanamh ar ghach rud atá os comhair an stáisiúin sa fiche bliain agus eile atá amach romhainn.

Mar chuid de na himeachtaí seo, reáchtáil siad comórtas le láithreoir Snapchat nua a fháil ar Oíche Shamhna agus an phríomh-chéiliúradh ag titim amach in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann Gaillimhe.  Baineann TG4 úsáid rialta as Snapchat (is féidir iad a leanúint @tg4tv) agus tá níos mó ná 274,000 radharc ag scéalta Snapchta de chuid TG4 le mí anuas!  Bím féin ag súgradh thart le Snapchat anois agus arís, agus bhí áthas an domhain orm nuair a fuair mé scéal gur éirigh liom leis an chomórtas agus go mbeinn féin i mbun Snapchat ar an oíche sin.

Mar chuid den duais iontach seo, d’fhán mé féin agus cara liom sa G Hotel i nGaillimh ar feadh dhá oíche, agus thiocfadh liom alt iomlán a scríobh faoin áit sin ann féin! Óstán glam galánta atá ann agus bhain muid beirt an oiread sin sult as bheith ag stopadh ann – mholfainn é go mór dá mbeadh an deis ag éinne.

Sula cuireadh tús leis an cheiliúradh ar Oíche Shamhna, chuaigh muid ar chuairt thart ar TG4 .  Bhuail muid le láithreoir TG4 Mícheál Ó Ciarraidh agus Caitlín Nic Aoidh.  Cuireadh fáilte mhór romhainn agus bhí deis againn bualadh le daoine eile atá ag obair ag an stáisiúin agus beagáinín cleachtadh a dhéanamh ar an chuntas Snapchat fosta.

Ar oíche Shamhna féin, bhí ceolchoirmeacha ag titim amach i nGaillimh, i dTír Chonaill agus i gCiarraí, craoladh beo á dhéanamh orthu idir na suíomhanna éagsúla agus cuma iontach orthu uilig.  Idir na láithreoirí, na ceoltóirí, na rinceoirí agus eile a bhí ann ar an oíche, bhí siamsaíocht den scoth le feiceáil agus le cloisteáil ar an ardán agus an-oíche acu siúd a bhí i láthair ann. Ba é an rud is deacra faoi bheith i mbun Snapchat don oíche ná gan éirí comh tógtha le gach rud a bhí ag tarlú go ndéanfainn dearmad pictiúir a thógáil!

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn óráid spreagúil speisialta mar chuid den hoíche.  Bhí sé nádúrtha go mbeadh sé i láthair ar an oíche agus i lár an aonaigh, mar bhí seisean ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta nuair a bunaíodh an stáisiúin agus a chuidiú go mór leis an fhís seo a fhíorú.  Deir sé:

Ba chóir dúinn dea-scéal TG4 a bheith ina spreagadh dúinn brú ar aghaidh agus dul chun cinn níos fearr a dhéanamh leis an teanga i réimsí eile an tsaoil.”

Dár ndóigh, bhí an ceart ar fad aige.  Tá cuimhní iontacha agam ó bheith ag amharc ar TG4 i m’óige, ach ní raibh mé ag amharc ar Teenage Kicks, Aifric, Underdogs, Paisean Faisean agus go leor cláracha eile mar gheall ar an Ghaeilge, d’amharc mé orthu mar gheall ar an siamsaíocht agus ar an sult a bhain mé astu.  Níor athraigh sin riamh.  Tá caighdeán na gcláracha faisnéise, na ndrámaí, na gcláracha ceoil nó nuachta agus eile ar an staisiún comh ard sin go bhfuil siad aitheanta go hidirnáisiúnta – acu siúd a bhfuil Gaeilge acu agus acu siúd nach bhfuil.  Is dóigh liomsa gur sin an rud atá speisialta faoi TG4 agus cén fáth go bhfuil sé ina spreagadh dúinn mar a dúirt Ó hUigínn, bíonn sé céim chun tosaigh go minic (an chéad áit a craoladh neart drámaí móra agus an stáisiúin a dhéanann clúdach spóirt as cuimse, i measc rudaí eile).

Oíche spreagúil, sultmhar speisialta a bhí ann.  Siamsaíocht den scoth agus comhluadar iontach.  Tá mé an-bhuíoch do ghach duine ag TG4 a d’eagraigh an comórtas agus a chuir fáilte mhór romhainn le linn an turais.  Tá mé fíor-bhuíoch as an duais seo, ba phléisiúir agus phribhléid é bheith páirteach san oíche agus sa cheiliúradh stairiúil seo.

Ursula xx

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s