Posted in Gaeilge, Polaitíocht | Politics, Saol | Life

Léiríonn focail Foster nár fhoghlaim sí tada

Níl ach cúpla mí imithe ó a chaith Arlene Foster amach an frása ‘crogaill’ agus í ag caint faoi phobal na Gaeilge.  Fosta, bhí sé thart ar an am ceánna go ndearna sí liomhaintí in aghaidh na meán agus polaiteoirí eile go raibh gnéasachas i gceist leis na dúshláin a bhí á gcur roimpi maidir leis an scannal RHI.  Ón agallamh a thug Arlene Foster leis an Sunday Independent a foilsíodh inniu, tá dhá rud i ndiaidh teacht chun solais: 

  1. Níor fhoghlaim sí faic faoi na focail a roghnaíonn sí agus í ag labhairt ar dhaoine eile
  2. Is cuma léi faoi ghnéachas sa chóras polaitíochta 

Nuair a cuireadh ceist uirthi cén focal a thagann chun cinn agus í ag smaoineamh faoi cheannaire Sinn Féin sna sé chontae, Michelle Uí Néill, dúirt sí ‘blonde.’ 

‘Blonde’ an t-aon fhocal a bhí aici do cheannaire polaitíochta eile, duine a bhíonn sí ag obair go dlúth leo agus atá lárnach sna cainteanna maidir leis na hinstitiúidí a chur ag obair arís ar Chnoc an Anfa.  Cé gur bhean chliste, chumasach í Uí Néill a léiríonn ceannasaíocht arís agus arís eile sa ról atá aici anois agus le linn a saol polaitíochta, ní féidir le Foster aon rud a fhecieáil inti ach an cuma atá ar a cuid gruaige agus a smuideadh.  Dúirt sí,

“Michelle is very attractive. She presents herself very well and she always is, you know, her appearance is always very ‘the same. You never see her without her make-up. You never see her without her hair (looking) perfect.”

An íoróin is mó a bhí ann, áfach, ná go ndearna Foster gearán faoin chleachtadh seo go díreach san agallamh céanna.  Móthaíonn sí nach bhfuil sé cothrom go ndéantar breithiúnas uirthi mar gheall ar an chuma atá uirthi féin nuair a deir sí 

“Of course when you are a female politician your appearance is always under scrutiny.”

Dár ndóigh, tá an ceart aici ansin, ach nach bhfeiceann sí go bhfuil sí ag déanamh an rud céanna dá comhghleachaí? Go bhfuil sí mar chuid den fhadhb seo atá ag crúthú deacrachtaí do mhná agus iad ag obair i réimse polaitíochta?  

Níos measa ná seo arís, sílim, ná gur lean sí ar aghaidh le rá gur roghnaíodh í ag Gerry Adams amháin le bheith mar cheannaire ar an pháirtí ó thuaidh, mar gheall go mbeadh sé in ann smacht a choinneáil ar an pháirtí. Cé go raibh an-rath ar Uí Néill mar Aire Talmhaíochta agus mar Aire Sláinte (i measc na róil is dúshlánaí san Fheidhmeannas) síleann Foster go bhfuil Uí Néill anois sa ról seo in ainneoinn an easpa tionchair atá aici.  

Is docha go léiríonn sé seo i bhfad níos mó faoi Arlene Foster ná faoi dhuine ar bith eile, ach is cúis frustrachas ollmhór é nuair a thiteann an leibhéal dioscúrsa polaitíochta chuig an leibhéal seo arís agus muid i mbéal toghcháin.  Go fóill, níl meas bunúsach á léiriú ag Foster do dhaoine eile cé go bhfuil sí ag éileamh amhlaidh. 

Thall sna Stait Aontaithe, nuair a thosaigh Ivanka Trump agus obair hathair sa Teach Bán, dúradh go raibh sí ‘comhpháirteach’ i bpolasaithe a chur i bhfeidhm a bhí dubh in éadan na luachanna a bhíonn sí ag caint faoi.  Cé go mbíonn Trump ag rá nach n-aontaíonn sí le rudaí atá ag tarlú, tá sí fós compórdach bheith mar chuid den rialtas seo.  An ceacht do Foster atá sa scéal sin ná gur chuma le daoine mura n-aontaíonn tú le rud éigin más rud go bhfuil tú compórdach bheith ag cur leis na deacrachtaí siúd ag an am céanna.  

Ar an drochuair, táimid i dtáithí ar an DUP ag maslú aon duine nach n-aontaíonn leo, ach nuair a labhraíonn mná faoi mhná eile i dtearmaí mar seo, léirítear cé comh domhain agus a ritheann na deacrachtaí seo fud fad an tsochaí.  Tá sé brónach agus díomach agus cuireann sé i gcuimhne dúinn go bhfuil bóthar fada le taisteal againn sula mbeidh comhionannas ag mná sa saol polaitíochta.  Mura dtosaíonn Foster, agus a macasamhail, ag amharc ar na mná timpeall orthu agus na scileanna atá acu in áit an chuma atá orthu, is fada an lá go dtí go mbeidh siad in ann caidrimh oibre a thógáil le aon duine, gan a bheith ag caint fiú ar dhul chun cinn a dhéanamh.   

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s