An mbeadh reachtaire neamhspléach in ann teacht ar réiteach na bhfaidhbe ar Chnoc an Anfa?

Agus briseadh an tsamhraidh tágtha chun deiridh do pháistí scoile fud fad na tíre, níl aon chomhartha ann go mbeidh deireadh am ar bith go luath leis an bhriseadh ar Chnoc an Anfa idir na páirtithe polaitíochta, ná go mbeidh na Comhaltaí Tionóil ar ais ag obair le chéile.

Anois, tá ag tarraingt ar ocht mí ó a theip ar Fheidhmeannas Chnoc an Anfa mar gheall ar chuid mhór chúiseanna éagsúla, le RHI, comhionannas pósta agus cearta teanga ina measc.  Go fóil, tá cuma ar an scéal go bhfuil na caidrimh idir na páirtithe polaitíochta is mó ag dul in olcais seachtain i ndiaidh seachtaine.  Fiú agus na páirtithe ag léiriú suime tús a chur le cainteanna in athuair, níl aon soiléireacht ann cén dóigh a mbeadh siad in ann teacht thart ar na deacrachtaí a thóg chuig an phointe seo iad.

Dé Luain seo cháite, bhuail James Brokenshire M.P. le ionadaí ón chúig pháirtí is mó thuaidh agus rinne Simon Coveney T.D. amhlaidh an lá dár gceann.  Leis an iarracht is déanaí seo chun na polaiteoirí a spreagadh chun cainte arís agus na rotha a chur ag bogadh ar Chnoc an Anfa, bhí cuma ar Brokenshire gurb fhearr leis bheith áit ar bith eile ar dhroim an domhain ná iarracht eile a dhéanamh teacht ar chomhaontú idir na páirtithe faoin am seo.

Tá an oiread sprioc-dátaí agus ‘fuinneoga ama’ luaite aige faoin am seo nach bhfuil aon chumhacht ná ciall leis na focail seo a thuilleadh.  Moltar sprioc-dáta, imíonn an dáta sin, agus níl rudaí oiread is céim amháin chun tosaigh.  Le himeacht ama, tá na seasaimh ag Sinn Féin agus ag an DUP ag iarraidh níos déine agus níos doimhne arís agus níl aon bhagairt maidir le cúrsaí ama nó riail díreach fiú ag cur deifir orthu.  Ba chóir go mbeadh sé soiléir faoin am seo nach mbeadh aon tionchar ag teorainn ama, tá teaictic eile de dhíth.

De réir Chomhaontú an Chéasta, beidh ar Brokenshire toghchán eile a ghlaoigh don Chomhthionól mura bhfuil na páirtithe in ann teacht ar chomhthuiscint roimh i bhfad. Cé nach mbeidh mórán rogha ag an Rúnaí Stáit ach é seo a dhéanamh go luath, ní réiteofar aon fhadhb leis seo, is dócha, mar léirigh torthaí an toghcháin do Westminster i mí Mheithimh go bhfuil tacaíocht don DUP agus do Sinn Féin comh láidir agus a bhí riamh.  Tuigeann Brokenshire é seo go breá, agus is é sin an fáth, is léir, go bhfuil an oiread seo drogall air an dualgas seo atá air a luadh. Bheadh toghchán costasach agus
ionsaitheach, agus is beag difear a dhéanfadh sé don stad reatha ar aon nós.

Leis seo a sheachaint, tá ceisteanna á dtógáil anois maidir le reachtaire neamhspléach idirnáisiúnta a thabhairt isteach le bheith i mbun na gcainteanna.  Dúirt Stephen Farry, MLA de chuid Páirtí an Chomhghuaillíochta, gur chóir duine a cheapadh sa ról seo le smaointeoireacht agus nuálaíocht úr a thabhairt isteach sa phróiseas.

Go dtí seo, níor dhiúltaigh aon pháirtí den smaoineamh seo, agus is cinnte go mbeadh buntáistí lena leithid. Is é an deacracht a bheadh ann ná teacht ar dhuine atá cáilithe le ról sainiúil mar seo a chomhlíonadh, a bheadh in ann deileáil leis na mothúcháin agus na híogaireachtaí a bhaineann leis an stad reatha mar atá, agus duine atá aitheanta mar imreoir neamhspléach sa phróiseas seo ar ghach taobh, rud nach mbeidh comh furasta sin.

Go deimhin, i ndiaidh titim an Fheidhmeannais i mí Eanáir, cuireadh ceist ar Richard Haas le linn agallamh teilifíse an ndéanfadh sé iarracht eile bheith mar reachtaire ar chainteanna ar Chnoc an Anfa dá gcuirfear an cheist air. Tugadh freagra gairid, diúltach don léitheoir a chur in iúl gur mhothaigh sé gur obair dodhéanta a bheadh i gceist leis seo.  Bhí blianta de tháithí ag Richard Haas agus ag Meghan O’Sullivan nuair a rinne siadsan iarracht teacht ar réiteach ar na fadhbanna fad-bhunaithe a bhí ag cur na hinstitiúidí cineachta faoi bhrú i 2013. Áfach, i ndiaidh míosaí fada de chruinnithe agus de chainteanna, ní raibh siad in ann socrú a dhéanamh ar cheisteanna a bhain le féiniúlacht, le siombalachas agus le stair na sé chontae.

Mar sin de, ní hé an cheist is mó ag an phointe seo ar chóir cuireadh a thabhairt do reachtaire neamhspléach, ach an mbeadh aon duine toilteanach an dualgas seo a tharraingt orthu féin?  Mura raibh beirt comh dea-cháilithe le Haas agus le O’Sullivan in ann teacht ar fhreagra, is beag seans a bheadh ag aon duine anois go bhfuil seasaimh na bpáirtithe comh domhain agus a bhí riamh.

Le rudaí mar atá faoi láthair, tá sé deacair tomhas a dhéanamh cá mhéid ama a bheas imithe sula mbeidh aon réiteach idir na páirtithe.  Ach, is cosúil go mbeidh ar na páirithe an ceann seo a oibriú amach dóibh fein.  Le blianta beaga anuas, tá gach comhairle, tacaíocht agus traenáil curtha ar fáil dóibh le go mbeidh siad in ann an Comhthionól a riaradh ar bhealach a fhreastalaíonn ar mhuintir na sé chontae.  Níl mórán gur féidir le daoine lasmuigh den chóras a dhéanamh anois ach cur i gcuimhne dóibh go leanúnach an fáth go bhfuil siad ansin .i. le ionadaíocht a dhéanamh ar mhuintir na sé chontae agus lena gcearta a chosaint.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s

Create a website or blog at WordPress.com

Up ↑

%d bloggers like this: