Posted in Aclaí, Gaeilge

Aclaí: Thuas Seal Thíos Seal

Tá mé ag obair le Aclaí anois ar feadh cúpla mí agus mé ag iarraidh saol níos sláintiúla a bheith agam amach anseo.  Is athrú mór é seo dom cinnte agus cé go bhfuil mé ag baint sult agus an-tairbhe as gach rud go dtí seo, tá sé fós deacair orm bheith tiomónta i gcónaí leis an chur chuige nua é seo.

In amanna bíonn sé fíor-dheacair cloí eis na dea-nósanna atá mé ag iarraidh a chúthú, caithfidh mé smaoineamh faoi ghach rud anois!  Bia, codhladh, aclaíocht, meabharshláinte srl… liosta mór fada atá ann.  Dár ndóigh, seo rudaí a dhéanann cuid mhór daoine gan stró agus déantar mar is ceart iad, ach i ndiaidh tamall fada a chaitheamh ag déanamh neamhaird ar na rudaí seo, tá sé deacair gach rud a athrú thar oíche.

Sin ráite, nuair a thosaigh mé ag obair le Aclaí cúpla mí ó shin, iarradh orm roinnt spriocanna a leagadh síos dom féin le dul chun cinn a mheas.  Leag mé síos roinnt spriocanna gearrthéarma agus meánthéarma le cuidiú liom an mórsprioc atá agam a bhaint amach, agus is breá liom an cur chuige seo mar feicim an difear ionam féin fiú nuair nach mothaím go bhfuil an oiread sin á dhéanamh agam.  Ar an seachtain seo cháite, ní amháin gur bhain mé sprioc amháin amach, ach dhá sprioc!

Dhreap mé Sliabh Donard ar an Satharn seo cháite le feasacht a ardú ar meabharshláinte le Aware.  Rinne mé féin agus mo dheirfiúr é, agus é seo an chéad uair a dhreap ceachtar againn an sliabh seo.  Bhí a fhios agam go mbeadh sé dúshlánach go leor, agus is é sin an fáth go raibh sé leagtha síos mar sprioc agam i dtús báire.  Mura raibh sé don siúlóid seo a bhí eagraithe ag Aware, agus go raibh mo dheirfiúr in éineacht liom, níl a fhios agam cén uair a mbeadh sé déanta agam i ndáiríre.  Ba é an imeacht seo a spreagadh a bhí de dhíth orm leis seo a dhéanamh faoi dheireadh.

img_6955

Ar mhaidin Domhnaigh, bhí 10km na Ceathrún Gaeltachta ar siúl.  Seo an chéad uair a bhí an rith seo ar shiúl sa cheantar, agus mar sin cé gur mhuscail mé maidin Dhomhnaigh iomlán scriosta ón lá roimh ré, ní raibh mé ag iarraidh an lá seo a cháiliúint.  Sprioc eile a bhí agam ná 10km a dhéanamh roimh am Nollag, agus seo seans foirfe chun é seo a dhéanamh.  Dearfainn go mbeadh sé i bhad níos fusa orm más rud nach raibh am sliabh déanta orm an lá roimhe (nó más rud nach raibh mé amuigh mar chuid d’Fhéile na Carraige ar oíche Shathairn – ach sin scéal eile!) Ach fós féin, bhí mé sásta leis an am a fuair mé, bhí mé sásta gur chríochnaigh mé an rith agus iontach sásta gur bhain mé sprioc eile ón liosta!

14606259_1811529062464937_5873173073820301045_n

Bhí mé comh scriosta i ndiaidh an deireadh seachtaine seo gur ghlac sé seachtain orm blag a scríobh faoi fiú! Bhí mo mhatáin tean agus mo chosa imithe uaim ar feadh cúpla lá ina dhiaidh, ach b’fhiú go mór é cibé!  Mothaím spreagtha anois i ndiaidh na rudaí seo a bhaint amach, agus ba mhaith liom díriú isteach arís ar na spriocanna eile ar an liosta.  Léirigh an tseachtain seo cháite domsa gur féidir liom na spriocanna atá agam a bhaint amach, agus mothaíonn sé sin ar fheabhas.  Chaith mé beagainín ama ag streachailt leis an chlár nua – thuas seal, thíos seal – mar a deirtear.  Ach, tá mé ag dul sa treo ceart anois sílim agus réidh leis na spriocanna eile a shocrú go luath!

Ursula xx

Posted in Aclaí, Gaeilge

Aclaí – mo chéad mí déanta!

Thart fá mí ó shin, thosaigh mé ar chúrsa tranála le Aclaí.

Is iomaí cúis a bhí taobh thiar de seo agus scríobh mé faoi sa bhlag deireanach ar an ábhar seo.  Thosaigh mé ag obair go lán-aimseartha thart fá ceithre bliain ó shin, agus sa tréimhse sin thóg mé neart droch-nósanna nach bhfuil maith dom.  Bhí a fhios agam i gcónaí gur chóir dom é seo a athrú agus iarracht níos fearr a dhéanamh saol sláintiúil a bheith agam, ach cé gur thuig mé sin go teoiriciúil, ní dhéarna sin mórán difear dom in am ar bith in ndáiríre.

Cinneadh déanta agam anois seo uilig a athrú!

Mar a dúirt mé, thosaigh mé ag obair le Ainle ó Aclaí thart fá mí ó shin agus  ba é an chéad rud a bhí orm a dhéanamh ná spriocanna a leagadh síos bunaithe ar cad é atá mé ag iarraidh bhaint amach ón chúrsa seo.  Bhí orm neart macnaimh a dhéanamh faoi seo mar cé go raibh a fhios agam go raibh mé ag iarraidh mo chuid droch-nósanna a athrú, ní ionann sin agus spriocanna a leagadh síos dom féin.  Is cúrsa aclaíochta é seo, ach ní chiallaíonn sé sin gur mhaith liom meachán a chailiúint go díreach nó go bhfuil aon mór-rud fisiciúil os mo chomhair amach anseo, ach tá spriocanna eile i gceist agam leis seo.

Ba mhaith liom bheith níos aclaíochta.  Ba mhaith liom bheith níos fuinniúla.  Ba mhaith liom bheith níos láidre ar ghach bealach agus ábalta níos mó a dhéanamh le mo chorp agus le mo chuid ama.  Rinne muid neart plé ar na rudaí atá mé ag iarraidh a bhaint amach socraíodh roinnt spriocanna dá réir.

Comh mhaith leis seo, le mí anuas bhí mé ag déanamh iarracht ollmhór mo nósanna bia a athrú.  Le cúpla bliain anuas d’éirigh mé falsa leis an chur chuige a bhí agam do chúrsa bia agus níor bhain mé sult as é a ullmhú nó in amanna é a ithe fiú (seachas cócaireacht mo Mhamaí, bainim i gcónaí sult as sin).  Le cúpla seachtain anuas, le cuidiú agus treoir, tá mé ag obair ar nósanna nua a chrúthú ó thaobh bia de agus tá sé anois mar cheann de na spriocanna atá agam ná 10 n-aiste bia blásta a fhoghlaim de ghlanmheabhair (mar sin má tá moltaí ar bith agaibh, cuirígí chugam iad le bhur dtoil!)

Ó thaobh aclaíochta de fosta tá iarracht nua déanta agam tús a chur le rudaí nua agus níos mó a dhéanamh.  Rinne mé iarracht anois is arís thar na blianta é seo a dhéanamh ach níor chloí mé le rud ar bith i ndáiríre in am ar bith.  Gan aon amhras, is é an fáth go bhfuil rudaí difriúil dom an uair seo ná mar gheall go bhfuil tacaíocht agus treoir agam.  Mar gheall ar an oiliúint phearsanta, tá a fhios agam cad é gur chóir dom bheith ag déanamh.  Déanann sé gach difear go bhfuil plean agam agus go bhfaighim comhairle ar ghach céim.

Seans maith go bhfuil sé i bhfad ró-luath rud ar bith a rá go fóill ach mothaím go bhfuil i bhfad níos mó fuinnimh agam anois ná mar a bhí le tamall agus mothaím níos láidre cheánna féin.  Mar sin, tá mo chéad mórsprioc leagtha síos agam.  Beidh mé ag glacadh páirte i 10km na Ceathrún Gaeltachta ar an 9ú Deireadh Fómhair!  Is fada an lá ó a rinne mé reathaíocht ar bith, agus, domsa, is mór an sprioc é seo.  Ach tá mé go fóil ag dúil go mór leis an mhéid atá romham, idir an sprioc seo agus na spriocanna eile atá agam.  Tá a fhios agam go mbeidh sé deacair agus tuigim níos fearr de réir a chéile go mbeidh sé níos deacra ná mar a shíl mé riamh, ach is maith liom an dúshlán.  Táim ag dúil go mór leis an mhéid atá romham!

(Is féidir an chéad alt a scríobh mé faoin chúrsa Aclaí a léamh anseo.)

Posted in Aclaí, Uncategorized

An tús: Dúshlán nua os mo chomhair!

Beidh a fhios ag duine ar bith a bhfuil aithne acu orm nach mise an duine is aclaí na laethanta seo.  Lig mé do chúrsaí oibre, imeachtaí sóisialta agus neart rudaí eile teacht idir mé féin agus mo chuid sláinte ó thaobh aclaíochta de le tamall anuas.  Caithim barraíocht ama os comhair ríomhaire agus tá aithne ró-mhaith agam ar fhoireann na bialainne Síneacha áitiúla.
Seo rud measartha nua domsa.  Agus mé ag fás aníos, bhí mé i mo rinceoir Gaelach agus mar sin bhí mé i gcónaí aclaí agus don chuid is mó den am bhí mé aclaí i ngan fhios dom féin!  Cleachtadh a bhí i gceist níos mó ná traenála i mo shuile, agus mar gheall go raibh mé ag baint an oiread sin sult na ranganna agus as na feiseanna níor smaoinigh mé an oiread sin ar an taobh aclaíochta de.  Nuair a d’éirigh mé as níor aimsigh mé aon rud eile a bhí comh sultmhar ceánna domsa.
Thar na blianta, chláraigh mé le roinnt sportlainne éagsúla, d’fhreastal mé ar chúpla rang anseo is ansiúd, agus anois is arís rachainn ar rith thart fá mo cheantar.  Ach ní leor é seo, ní dóigh liom.  Ní raibh mé i riamh tiomónta go leor le cloí leis na rudaí seo nuair a thosaigh mé orthu agus ní raibh spriocanna soiléire agam in am ar bith.  Rinne mé cinneadh é seo a athrú ar na mallaibh, ar go leor cúiseanna éagsúla.  An fáth is tábhachta acu ná gur mhaith liom bheith níos fuinniúla agus níos láidre,
Beidh mé ag déanamh cúrsa ar-líne leis an oiliúnaí pearsanta Ainle Ó Cairealláin.  Bhunaigh Ainle ‘Aclaí’ le cuidiú le daoine a gcuid spriocanna sláinte pearsanta a bhaint amach le cur chuige difriúl ó sportlainne eile.  Is é an rud a chuireann Aclaí ar fáil ná…
“…the opportunity to reconnect with you body, and build lifestyle habits that will sustain you for years to come. At the core of our facility is the restoring of the function of the body, and this is no small achievement given the sedentary and seated nature of our day to day living. We build training program to suit your current level, and help you expand on your current abilities over time, and we try to integrate the softer sides of health such as learning, reading, and socialising. Our approach is to challenge, engage, and empower our members. Its not exercise, its movement.”
Tríd an chúrsa seo a dhéanamh, tá súil agam go mbeidh mé in ann dea-nósanna a thoiseacht (agus a choinneáil), sult a bhaint as an aclaíocht arís agus saol níos follaine a bheith agam i gcoitinne.  Ní rud fisiciúil amháin é seo, ach is rud níos leithne ná sin é.
Anseo, scríobhfaidh mé uasdátaithe faoi mo dhul chun cinn, faoi na dúshláin a bheas romham agus ar cad é mar atá ag éirí liom an saol folláin seo a bhaint amach.  Tá mé cinnte go mbeidh sé deacair, ach creidim go mór gur fiú é!